Eolas
Acmhainn is ea ethnographicpoetry.com do mhúinteoirí, d’fhoghlaimeoirí, do chleachtóirí filíocht eitneagrafach ina gcuirtear na nithe seo a leanas san áireamh: na disciplíní acadúla ar fad ina n-úsáidtear an eitneagrafaíocht agus scríbhneoirí ar spéis leo an fhilíocht a úsáid chun a dtaithí saoil ar dhomhan sóisialta agus cultúrtha na linne a léiriú.
Cé go bhfuil méadú suntasach tagtha ar úsáid na filíochta mar mhodh chun taighde eitneagrafach agus antraipeolaíoch a léiriú, is i bhfoirm théacsbhunaithe amháin atá formhór na ndánta eitneagrafacha atá ann agus a roinntear. Is eispéireas ilchéadfach í an fhilíocht is féidir a léamh agus a chloisteáil agus leagtar béim air sin ar ethnographicpoetry.com. Ar an suíomh seo, tá taifeadtaí fuaime d’údair ag léamh dánta bunaithe ar a gcuid taighde agus a n-eispéiris.
Is d’aon duine a bhfuil suim acu san fhilíocht eitneagrafach an acmhainn seo. D’fhéadfadh sé a bheith fíorúsáideach do léachtóirí agus do mhúinteoirí a bhíonn ag obair le mic léinn ar filí iad agus do mhic léinn atá ag iarraidh tuiscint a fháil ar an bhfilíocht eitneagrafach féin. Cuirtear deiseanna ar fáil chun prionsabail ‘Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim’ (UDL) a chur i bhfeidhm. Cuirtear acmhainní ar fáil ar féidir iad a úsáid le doiciméid téacsbhunaithe nó ina n-áit. Chomh maith leis sin, déantar ceiliúradh ar an ilteangachas agus ar an éagsúlacht a bhaineann leis an taighde eitneagrafach sa lá atá inniu ann.
Chruthaigh an Dr Kayla Rush an suíomh gréasáin, is í an Dr Andrea García González a d’aistrigh go Spáinnis é agus is é Craig Moran a d’aistrigh go Gaeilge é. Chuir an Marie Curie Association maoiniú Micro Media Grant ar fáil le tacú le forbairt an tsuímh ghréasáin.
